An Ghaeilge San Ollscoil

NUIGTá áit faoi leith ag an nGaeilge i saol Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Sa chéad dul síos, tá dualgas reachtúil ar an Ollscoil faoin Acht a ritheadh sa bhlian 1929, daoine a cheapadh ar an bhfoireann atá in ann dualgais a bpost a chomhlíonadh trí Ghaeilge, ach na daoine a ceaptar a bheith láncháilithe ar gach uile bhealach eile do na poist sin.

Tá sé ráite ó shin i bPlean Stráitéiseach Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2006 go gcuirfidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh campas eiseamláireach, dhátheangach ar fáil trí fhorbairtí cruthaitheacha, eagraithe a thabhairt chun cinn i gcláir acadúla agus i gcleachtais oibre agus trí thimpeallacht fhisicúil agus shóisialta a sholáthar a bheidh in oiriúint don aidhm sin.

Ach tá níos mó ná dualgas i leith na teanga i gceist i saol na hOllscoile. Is í an Ghaeilge an meánteagaisc do chúrsaí áirithe i nDámha na nDán, na hEolaíochta agus na Tráchtála. Tá cuid mhaith d’obair riaracháin na hOllscoile á déanamh trí Ghaeilge agus cloistear Gaeilge á labhairt sna seomraí caidrimh agus sna hionaid siamsaíochta agus chaitheamh aimsire ar fud na hOllscoile.

Tá Bord na Gaeilge san Ollscoil, a dhéanann cúram faoi leith do chur chun cinn na teanga i ngach gné de shaol na hOllscoile. Tá Áras nua san Ollscoil, a tógadh le cabhair airgid ón gCrannchur Náisiúnta, agus feidhmíonn an tÁras seo – Áras na Gaeilge, mar Ghaeltacht faoi leith do chomhluadar na hOllscoile idir mhic léinn agus fhoireann. Is ann atá Scoil na Gaeilge agus Oifig na Gaeilge Labhartha lonnaithe.

Tá acmhainn fíor-thábhachtach ag an Ollscoil i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, mar atá Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua agus an tIonad Oideachais agus Cultúir i gCarna – áiteanna ina reáchtáiltear cúrsaí, ranganna, cóisir agus imeachtaí ilchineálacha eile mar chuid de chlár sealbhaithe agus buanaithe Gaeilge, a bhfuil de chuspóir aige an teanga a neartú agus a leathnú i measc phobal na Gaeltachta agus fhostaithe na n-institiudí poiblí a dhéanann freastal ar an nGaeltacht.

Comments are closed.